School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 061

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 061

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 061
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Do bhí baintreach ann úair, is ní raibh aici ac aon mac amháin. Bhíodh an buachaill san amuigh gach oidhche go h-ana-déanach, is bíodh eagla ar a mháthair istig san oidhche, gan aoinne in aoinfheacht leí. Chuaidh sí cun cainnte leis an sagart mar gheall air, agus d’innis sí dó, an áit in a bhíodh sé.
    An oídhche in a dhíaidh sin, d’imthigh an sagart amach, tímcheall le meádon-oidhche is do bhuail an bhuachaill leis, agus do thosnuígheadar ag cómhradh le’n a chéile. Dúbhairt an sagart gur fhág sé a hata sa roilig an lá san, agus d’íarr sé air, dul agus í do bhreith chuige.
    D’imthigh an bhuachaill láithreach, ach ma dein, d’imthigh an sagart treasna na páirceanna cómh-maith agus bhí sé ann roimis. Nuair a bhí an buachaill cun an hata thógaint, do labhair an sagart leis, agus dubhairt leis, an hata d’fhágaint in a dhíaidh. Do bhí an buachaill i gcás annsan, is ní raibh fhios aige cad a déanamh, ach fé dheire d’fhág sé an hata in a dhíaidh, agus chuaidh sé go dtí an áit in a raibh an sagart, ach má dein, chuaidh an sagart treasna na páirceanna arís is bhí sé san áit roimis. D’innis an buachaill a sgéul
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ua Gríbhthín
    Gender
    Male
    Informant
    Cáit Bean Uí Gríbhthín
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Letter East, Co. Kerry