School: Curraichín (B.) (roll number 15978)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Scothlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)féir sa phaiste san. Do chuaidh sé go tig an fheirmeora agus dúbhairt sé leis an bhfeirmeóir gur dhéirig gal as an dthalamh agus go raibh an bhó ag ithe féir as. Dúbhairt an feirmeóir leis "Beir dom ceathrú galún de bhainne an bó san" Do chúaidh an fear i gcóir an bhainne agus d'ól sé féin an cead ceathr u de'n bhainne agus do tug sé an ceathru eile leis do'n feirmeoir. Annsan bhí paiste ar graghaidh an fhir agus do bhí cogadh earorra agus do sgaradar ó na chéile. Do chúaidh sé ag obair go thig an gréasaidhe agus do tháinig cailín isteach chun an ghréasaidhe cun pheidhre bróg do dheanamh de do dhein an gréasaidhe ceann aca agus do dhein Eoghan Ruadh an ceann eile. Bhí an bhróg a dhein Eogan Ruadh níos deire ná an bhróg a dhein an gréasaidhe. Ní raibh sé chómh dheas leis an gceann a dhein Eoghan Ruadh agus do dhein Eoghan Ruadh an tarna ceann arís leis. Nuair a tháinig an cailin i gcóir(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Seaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Informant
- Ristéard Ó Neachtain
- Gender
- Male
- Address
- Curraheen, Co. Kerry