Scoil: Leithead

Suíomh:
Lehid, Co. Kerry
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 070

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 070
  3. XML “Scéal i dtaobh na bPúcaí”
  4. XML “Scéal i dtaobh Bád a Cítí san bhFarraige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ann . D'imthig sé suas i gclúid deatach agus níor cúladar a thuille dho.
    Fear a bhí ag obair againn d'innis an sgéal dom
    Máirín Ní Ghealbháin
    Séumas Ó h-Urdal ab'ainm do
    Sgéal i dtaobh báid a chítí sa bhfarraige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tímcheall le triuchad bliadhin ó shoin bhí dhá bháid amuigh san bfharraige ag íascaireact. Bhí cúpla fear i ngach báid agus núair a bhíodar amuigh in aice an 'Maiden Rock' connaceadar báid mór agus soillse móra as. Bhí an oíche cuibheasach stoirmeach. Ach mar sin féin bhí na seólta suas ag an báid mór. Ní raibh aoinne ar bórd luinge agus bhí an báid ag dul go díreach agus ní raibh an stuirm ag déanamh aon rud do.
    Bhí ionghnadh ar na fearaibh a bhí in aon bhád agus d'fhiafruigheadar ar na fir eile a bhféachadar an bád mór, dúbhradar nár bhfaca. Annsan bhí an bád mór ag dul síar an bágh agus ní fhéacadar a tuille é. Fuair na daoine a chonnaic é bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Ní Ghealbhain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Seaghda
    Inscne
    Fireann