Scoil: Leithead
- Suíomh:
- Lehid, Co. Kerry
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 055
- XML “Scéal na Seachtar Mac”
- XML “Scéal i dtaobh mo Sheanmháthair ag Teacht ó Thórramh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Ealuighthe
- Inscne
- Baineann
- 2) Aon oidhche chuaidh mo sheanmháthair go dtí tóromh a bhí i dtig Phádruig Ó Shuilleabhán. Bhí sí ann cúpla úaire agus annsan dubhairt sí go mbeadh sí ag imtheacht. Bhí sé mór thímpeall a h-aon a chlog agus cúaidh cúpla bean eile léi. Núair a bhíodar san bhóthair taobh amuich den tig chúaladar an raic go leir ag dul súas an bóthair eile inaice leó. Cúaladar na trucaillí, agus na motorí, agus na capaill go léir agus thánaig eagla mór ortha agus thosnuig súas ag siubhal abhaile go h-ana mhear. Núair a bhíodar síar inaice tíghe dos na mnáibh abhí léi, chuáladar an rud céadhna ag dul tré sheana bóthar abhí inaice leó. Annsan chúaladar go mór san roilg a bhí síos ins na pairceanna. Chuaidh mo sheanamháthair isteach sa tig Nanci bhean Uí Shúilleabháin mar b'in i doine dos na mnaibh abhí leí, mar bead eagla uirthi(leanann ar an chéad leathanach eile)