Scoil: Leithead

Suíomh:
Lehid, Co. Kerry
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 026

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 026
  3. XML “Scéal i dtaobh Séamus Ó Súilleabhán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Séamus Ó Súilleabháin aon oidhche ag dul go dtí Baile Chaisleán Bhéarra. Bhí capall agus cár aige agus bhí ráil sa cáir aige. Núair bhí sé os [?] tig Sheáin Uí Sheaghdha chonnac sé duilleóga san díg agus bhíodar ag rith leis an [?]gaoith Annsan chonac sé an bean agus clúdach bán uirthe.
    Thánaig sí isteach go dtí an cárr agus chuir sí a dá lámha anúas ar an ráil. Bhúail Séamus í na lámha agus léim sí as a chairt. Thánaig úaganas mór air agus thánaig sí isteach sa chárr arís. Le na línn sinn stad an chapall agus níor eirig léi an chár do tharrac. Do bhúail Séamus í sa lámhaibh arís agus léim sí as an chár agus thosnuig an chapall ag siúbhal.
    Taréis tamaill do sgiub an hata as a cheann, agus is annsan a thosnuig an túganas go léir air. Núair thánaig sé go dtí tig Crucúr Ó Ghearalt do thosnuig an coileach ag glaodhach agus dimig an t-úganais go léir úaid agus ní raibh an bean le feisgint as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Ní Caithasaidhe
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Súilleabhán
    Inscne
    Fireann