Scoil: Leithead

Suíomh:
Lehid, Co. Kerry
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 013
  3. XML “Scéal na nGadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhí fear ag teacht ó aonach agus sar a shrois sé a thig féín bhí an oidhche ann. Chúaidh se isteac i dtig le hais an bóthair agus ní raibh aoinne ann acht sean bhean agus í as chóir an teinne amach. D'fhíafhruig an fear di rud éigin a thabhairt le n-ithe do agus thug sí. Dúbhairt sí go raibh a trúr mach amuigh ag gadaí. Ní raibh sé ráidte ag an mnoí cúig nómaití núair thánaig na fir isteach. Fir móra rabhara a beadh íád agus thamáineadar isteach ceithre beithígh agus mharbhuigheadar íad. Annsan dúbheadar leis an fear a dhóthain d'iththe mar nác fada a mharbhfeadh sé. Thánaig scamhradh mór air an fear agus ní raibh fhios aige cad a bhi sé ag deanamh.
    Thosnuig na fir ag iththe annsan agus núair a bhí sé iththe acu do chúadhar a chodhla san úrlár. Annsan dhein an fear íarach cun dul amach, mar ní raibh sé ábalta dul amach an doras, mar do dheinfadh sé glór agus béidir go ndúisíghfadh (?) na fir annsan. Bhí gadhair mór ann agus bí poll déanta ar an bhfalla aige. Bhí an gadhair ana crosta agus do bhíodh an fear ag tabhairt cuid don fheóíl do cun é do chiméad ciún. Pé sgéul é dirig leis dul amach acht bhí a éáaighí staicthe agus a choricean brúidte. Chúaid sé go dtí coill agus d'fan sé ann go dí maidin. Núair dirig na gadaí thosnuígheadar ag easganígh agus ag scíle a máthair toisg an fear a bheith imighthe. Bhí an fear sásta agus chúáid sé abhaile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Máighréad Ní Chathasaidhe
    Inscne
    Baineann