School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 438

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 438

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 438
  3. XML “Seanamhrán - Mac Fhinghín Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    I buartha Banba ó Chaiseal go Béal Bhairnis.
    Tá dúthaighe Chairbre ar lasadh is níl scéim áthais
    I dtuaith Ráth Chathaill mar ar cailleadh á'r laoch láidir.
    Ba láidir cumas á'r gcuspa, ba leathan luthmhar.
    A mharcaig na gcumann go gcritheadh an talamh fútsa
    Ní raibh eagla de dhlighthe na clipe ar do bhaile dhúthchais
    A rabhaid mar Oscar do chuireadh gach creach ar chúlaibh.
    Ar chúlaibh Chorchaighe deabhfaí Sacsana siosmaithe i gcúirt
    Do dhóirse ar leathadh gan glasa gan iadh ar thrúnc
    Ba greann ledh cháirdibh dá mairfeadh, aniar thar Mumhan
    Led' gháire leathan a mharcaig na gcliar, mo chumha.
    Mo chumha mo chreach tú ag teacht go tréith lán lag,
    A phlúr na bhfear nár meath in aon bhéarnain
    D'imthig ár rath, ár maith, agus ár scéim áthais
    Óch ár gceart, ár neart agus ár lúthcháird.
    Cáirde d'imthig thar uisce 'gus fós níor fhill
    Is d'fhág siud sinne singil gan chóir gan chrích,
    Gan bórd, gan gloine, gan corn, gan ceól, gan fíon.
    Gan fuil ar conairt. Gan cuspa, d'fhuil d'oirfead dinn.
    D'oirfead sinn dá dtiocfadh thar sáile beo
    Na leonfhir groidhe ba bhinn i mbéarnain ghleoidh
    I gcaismirt na gclaidheamh do striocfadh táinte dóibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Eiblín Bean Uí Aghas
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Gleann na Mine Airde, Co. Kerry