Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 415

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 415

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 415
  3. XML “Caisleán na Min Airde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    feiscint sna fallaibh ach in ainndheoin san seasóchaidh séna céadta bliain fós mar a gcuirfear isteach air.
    B'é Sir Walter Hussey ó Chaisleán Uí Ghriadhaire an ceann uraid a bhí ar na Gaodhlaibh. Do chaith sé stocaí dearga mar chomhartha ughdaráis. Marbhuigheadh an lucht chosanta go léir agus Hussey ina measc mar do thuit ceann an chaisleáin anuas ortha. D'aithnigheadh corp Hussey t'réis an catha de bharr na stocaí.
    Bhí seomra mór fá thalamh ann agus dhá léimfeá ar an úrlár ann do mhothóchfá go bhfuil an áit thíos follamh. Is minic a réabadh suas cnámha daonna ann sa úrlár céadna. Thabharfá fá ndeara leis go raibh lochta ar a luigheadh os do chionn mar tá cuis des na stuaghanna le feiscint fós. Tá seomraí beaga leighthe isteach ins na fallaí leathana thuas, agus tá pasáiste ó'n dtaobh amuigh ar nós simné ag dul suas go dtí barr an chaisleáin. Tá staighre cloch leis agus é casta, os cionn an dorais agus is dócha go raibh túr san áit seo. Deirtear go bhfuil uamhain nó pasáiste fá thalamh ag rith ó'n gcaisleán go dtí an "Cathair" ar a aghaidh amach ar an dtaobh eile de Bhéal na gCloch.
    Tógadh staisiún do Ghardaí an Chósta inaice an Chaisleán tuairim is ceithre fichid bliain ó shoin. D'fhágadar an staisiún sin triochadh bliain ó shoin, agus leagadh ar lár ó shoin é ach amháin an "Boat House." Deireann Maitiú Ághas, seanduine ar an mbaile seo go raibh a athair féin ag freasdal ar na cearduithe a thóg an staisiún, agus gur úsáideadar mórán des na clocha a bhí leagaighte anuas de'n chaisleán. Deireann sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge