School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 413

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 413

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 413
  3. XML “Log na gCapall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    2. Páirc na Fola: Timcheall leath mhíle ó'n scoil, ar thaobh do láimhe deise agus tú ag dul ó Mhináird Thoir go dtí Garrdhaí na dTor. i gcúinne na páirce inaice an bhóthair tá saghas leasa- é ciorcalach, agus clocha- ann ina seasamh mór dtimcheall air. Tá dhá chloich - cinn slán ann fós agus an Ógham le feiscint go soiléir ortha. Tá píosaí de chlocha eile de'n déanamh céadna ann leis. Deirtear go raibh cloch-cinn seacht dtroighthe ar aoirde ann ach gur briseadh í, agus níl ach smut de le feiscint anois. Ní mór atá ar eolas ag sean daoine na háite mar gheall ar an bpáirc, ach do réir an seanchais do troideadh cath ar an láthair sin sa nallód in aimsir na Págántachta. Do marbhuigheadh a lán taoiseach agus daoine tabhachtacha agus is fé's na clocha san atáid curtha. Tá uaigeanna ins na páirceanna inaice na páirce seo leis, deirtear.
    Tá daoine eile ann a deireann gur i bPáirc na Fola a marbhuigheadh na saighdiúirí a theith ó Chaisleán na Mináirde nuair a ionnsuigheadh é, agus gur b'shin é an fáth go nglaodhtar Páirc na Fola uirre.
    Níl aon deallramh leis an scéal san mar tá an Ógham go soiléir ar na clocha-cinn, agus gan dabht ní raibh an scríobhnóireacht sin in úsáid trí chéad bliain ó shin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry