School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 247

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 247

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 247
  3. XML “Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    é. Bhí sé ag cur phrátaí i bpáirc an leasa agus do réab sé cuid de'n bhóna mór dtimcheall. Ní fhéadfadh na sídheoga cur suas leis a thuille. Fuair se "poc" uatha, thuit sé as a sheasamh, agus d'fan ann go dtí gur thóg na comharsain abhaile ar chomhlainn é. Cúig lá a mhair an fear bocht 'na dhiaidh san.
    (b) Bhí leanbhaí óga an bhaile ag súgradh dóibh féin aimsir aifrinn timcheall le ceithre fichid bliain ó shoin. Chonnaiceadar na mná uaisle agus iad gléasta go h-áluinn ag rinnce istig sa lios. Do bhiodar ag glaodhach ar na leanbhaí ach ní leigfeadh eagla dhóibh dul fá dhéin an leasa. Dubhairt na seandaoine gur mhaith an bhail ortha nár chuadar mar go gcoimeadfadh na daoine maithe ann iad.
    2: Lios an Phoill: Tá an lios so timcheall le dhá chead slat ar an dtaobh thoir de "Lios an Cheóil". Tá uamhain nó bealach fá thalamh ag rith ó "Lios an Cheóil" go dtí "Lios an Phoill". ("neóin" a glaodhtar ansa ar an mbealaig fa thalamh). Tá poill doimhin ann-- béal an uamhain , agus a chliatháin tógtha le clochaibh. Níl an lios so chómh mor le Lios an Cheóil, ach tá an cuma agus déanam céadna air. Deirtear go bhfeaca daoine an teine á chaitheamh idir an dá lios uair fá mar bheadh na daoine maithe ag troid le na chéile. (Ar thalamh Sheáin T. Uí Ghailleabháin).
    3; Lios an Aifrinn: Ar thalamh Thomáis Ui Bhrosnacháin ar na Dúnta--- é ar bharra na fhaille. Tá cloch
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Dúnta Thoir, Co. Kerry