School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 245
  3. XML “Scéal - Sióga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thiar im'thigse chomh maith agus d'fhéadfadh a bheith agus b'shin iarlais a bhí anso 'na ionad. Ghluaiseadar in éinfeacht leis agus is ortha a bhí an t-iongantas nuair chonnaiceadar 'na sláinte í. Do gheobhadh sé le pósadh í ach do thug sé d'á dhriotháir í. D'imthigh sé féin go Sasana agus i gceann tamaill do phós sé bean uasal a thuit i ngrádh leis. Bhí sé lán d'airgead anois ach bhuail dream imeartha leis agus d'fhágadar fuar dealbh é.
    Ba leasc leis anois aghaidh a thabhairt ar a mhnaoi agus a chuid airgid go léir caillte aige. Bhuail sé leis abhaile go dtí na thig féin in Éirinn agus é cráidhte céasta. Nuair ná raibh sé ag filleadh abhaile chúiche chuaidh a bhean ar a thuairisc agus sa deire fuair sí amach é. Ní mór an meas a bhí ar an bhfear bocht ag a mhuinntir féin um an dtaca so, ach is amhlaidh a bhí sé 'na mhaidrín láithíghe acu. Thug a bhean suas sa tseomra é agus chuir culaith breágh éadaigh air. "An leatsa anois é" ar sise le na mháthair. "Is liom," ar sise. "Níorbh leat in aon chor ó chianaibh é agus is leat anois é" ar sise, agus d'imthigheadar leo abhaile go dtí na dtig féin i Sasana.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    19
    Address
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ó Builéir
    Gender
    Male
    Address
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry