School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 233
  3. XML “Scéal Grinn Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dhein an tailliúir an rud céadna leis sin.
    An triomhadh oidhche tháinig fathach airís agus d'fiafruig sé de'n tailliúir ar mhairbh sé a bheirt driothár. Dubhairt an tailliúir gur mhairbh agus go mharbhóchadh sé é féin leis. Dubhairt an fathach leis gan é mharbhú in aon chor ach teacht leis go dtí a thig.
    Nuair a shroiseadar an tig bhí máthair an fhathaig ann rómpa. Dubhairt an fathach gurbh é seo an fear a mhairbh a bheirt driothár. Ní chreidfeadh an mháthair go raibh aon neart sa tailliúir. Dubhairt sí - "An duine a íosfaidh an chuid is mó sin é an duine is treise." Chuir sí síos corcán mór leitean. An fhaid a bhí sé á bheiriú fuair an tailliúr mála beag agus chuir laistig d'á léine é. Nuair a bhí an leite ullamh thosnuigheadar ag ithe. Bhí an tailliúr ag cur an leitean go léir isteach sa mhála.
    Nuair a bhí an mála lán sháidh sé scian ann agus scaoil amach é go léir agus thosnuig sé ag ithe airís. D'fiafruig sé de'n bhfhathach a bhféadfadh sé féin é sin a dhéanamh agus dubhairt go bhfhéadfadh. Do sháidh an fathach scian ann féin agus leig sé amach gach aon rud, ach má seadh fuair sé bás láithreach. Do theastuig ó mháthair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Nunáin
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry