Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 222
  3. XML “Scéal - Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gan suan, agus sos a thabhairt di, acht dubhairt an bhean sídhe leithe go raibh biorán aici féin a chuirfeadh sí 'na gruaig agus go mbainfeadh sé sin an codladh di.
    D'imthig sí leo mar a imtheochadh ceo le gaoith agus níor dhein sí stad na staonadh nó gur shroiseadar Rinn Bhuidhe (i bparóisde Liospóil). Bhí na sídheóga go léir cruinnighthe istig i bpáirc roimpi, agus iad gabhtha gléasta, gach duine agus a chapall féin aige. Dubhradar le Clára bheith ullamh chun imtheacht ach ní raibh aon chapall aici. Ba ghairid an mhoill ortha san capall do sholáthár di. Bhí blúire seana chéachta adhmaid caithte in aice an chlaidhe mar chéachtaí adhmaid a bhíodh acu an uair úd. D'ionntuig sé 'na chapall gleoidhte agus do léim si anáirde ar a dhroim. Seo leo go léir in éinfheacht agus níor stadadar go dtí gur shroiseadar talamh na Garthanaighe. Bhí falla mór cloiche rómpa , do léim na capaill é agus capall Chlára chomh maith leo. Bhí mustar uirthe a capaillín adhmaid a bheith chómh maith leis na capaill eile, agus dubhairt sí- "mo ghrádh do léim a sheana bhéim céachta". Ní raibh san ach ráidhte aici nuair a thuit an capall agus ní raibh ann ach an seana adhmad airís. Bhí fearg ar na púcaibh agus dubhradar léi glanadh as a radharc agus na raghaidís ag triall uirthe go deo airís.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Ghearailt
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry