School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 217
  3. XML “Sióga”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    raibh aoinne ar an dtráig an oidhche sin agus droch rud neamh shaoghalta a bhí a d'iarraidh é mharbhú. Do theith sé agus b'éigin do a mhaicín do iomchuir ar a dhrom chun a gcosa do bhreith saor abhaile leó ón sprid a bhí ar a dtóir. Ní rabhadar ach istig sa chistin agus an dorus iadhta acu nuair a buaileadh an doras go fíochmhar agus gur caitheadh isteach ar an úrlár 'na smidiríní é.
    Is amhlaidh nár fhéad an capall dul treasna na h-abhann agus chaith sé an timcheall do thógaint ó thuaidh go dtí an Eaglais d'fhonn teacht ortha. Ba mhaith an bhail ar an mbeirt é mar do mharbhóchadh an capall iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí fear fadó i nGarraidhe na dTor (sa pharóisde seo) agus thug sé fá ndeara go mbíodh a bhó crúidhte roimis na h-aon mhaidion.

    Bhí fear fadó i nGarraidhe na dTor (sa pharóisde seo) agus thug sé fá ndeara go mbíodh a bhó crúidhte roimis na h-aon mhaidion. Ar maidin go moch chuaidh sé roimh eirighe gréine ag faire agus cad a chídfeadh sé ach an girrfhiadh ag crú na bó roimis. Chuir sé an madra'na diaidh agus rug sé ar an ngirrfiadh thiar ag Gleann-giorráin -Ghiub. Nuair a shrois an fear an áit, cé bheadh ann in ionaid an girrfiadhthe ach bean agus í ag tabhairt fola t'réis an stracadh a thug an madra di . D'aithin an fear í- comharsadho a b'eadh í - agus d'iarr sí trócaire air. Leig sé leithe an turas san agus níor tháinig sí ag crú na bó go deo airís. Is amhlaidh a bhíodh an bhean seo ag crú na bó agus í i bhfuirm girrfiadhthe tré chómhacht draoidheachta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Brosnacháin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry