School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 203

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 203

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 203
  3. XML “Scéal - Cé acu Is Fearr Dúchas ná Oiliúint”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus b'é an ghnó a bhí acu gach lá ná breith ar phaideóga ar dhá cheann an bhúird an fhaid is a bhí an duine uasal ag caitheamh a bhricfeasta agus a shuipéir. Bhíodh sé i gcómhnuidhe ag maoidheamh as na cait chómh maith agus a bhíodar.
    Tháinig fear go dtí an tig lá agus bhí an port céadna á ghábhail ag an duine uasal ---an dá chat iongantach a bhí aige. "Cogar" ars an bhfear eile, "cé 'cu is fearr an dúthchas ná an oileamhaint. Is fearr an oileamhaint ars' an duine uasal. Cuirfead geall leat nách fearr agus gur fearr an dúthchas, ars an bhfear eile. Bhíodar ag aragóint ar feadh tamaill agus sa deire chuireadar geall sios.
    Chuaidh an fear amach agus tháinig isteach nuair a bhí an duine uasal ag caitheamh a shuipéir. Bhí na cait ansan ag dhá cheann an bhúird agus iad ag coimeád an solus don duine uasal. Ce'cu is fearr an dúthchas ná an oileamhaint ar seisean. Is fearr an oileamhaint ars' an duine uasal. Féach ar na cait ansan mar atáid múinte agamsa, ar seisean go h-uaibhreach. Bhuel ars an bhfear eile ní fada go mbeidh a mhalairt le rádh agat. D'oscail sé bosca beag a bhí 'na phóca . Léim dhá luichín as an mbosca agus ritheadar treasna an úrláir. Siúd na cait ag rith 'na ndiaidh. D'fhág na páideóga caithte ar an mbórd
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0217: The Cat and the Candle
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Gríbhthín
    Gender
    Male
    Address
    An Fhothrach Mhór, Co. Kerry