School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cuiread cúirt air agus chuaid fear dúnchaoin sa chúirt chun seasamh don mbuacaill aimsire ach ní bhfagad sé aon tor.
Mura bhfaigead-sa tor air seisean geóbhaid an cnaipe atá am phóca tor. Dúbhairt sé go raibh sé féin anáirde sa choca nuair a tháinig fear an chapail agus chuaid sé isteach agus mhairbh sé fear an tíghe. An fhaid a bhí sé istig bhaineas an cnaipe as a chasóig a d'fhág sé amuig air an gCoca. "Feac" air seisean an cnaipe. Cuireadh an cnaipe isteac sa pholl agus is é a ruanaig i gceart é. Scaoileadh saor an buachaill aimsire agus crochad an fear eile.
Tháinig fear Dhúnchaoin abhaile go Dhúnchaoin agus bhí an oidhche dhubh ann. Bhí an líontíghe go léir na gcoladh agus bhuail sé isteach. Ní raibh leis an ndoras acht seana ránn agus leag sé roimis í. Las sé solas. Chuaid sé sios sa tseomra agus chonnaic sé a bhean agus fear mor eile ann. Cheap sé gur b'amlaid a bhí a bhean pódsa thar nais agus fuair sé tuagha chun an fear do mharbhú.
Thóg sé tuagha ós chionn an fhir acht chumnig sé air an gcómairle gar thug(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Peig Cé
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry