School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 108
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rún croidhe láimh liom.
Chaith sé grainne eile as a phoca. Bhí an coileach chun é phriocadh nuair a bhuail an cearc é. "Ciach uait b'olc an ceart duit é sin a dhéanamh. An cuimhin leat an lá amuigh ag an ngeata go raibh an t-airgead bán is na leabhartha breaca againn, suidhe annso a rún croidhe láimh liom". Bhi an óig bhean ag éisteacht leis. Chaith se grainne eile chúcha. Bhí an coileach chun é a phriocadh nuair a bhuail an cearc é. "Léan go dúbhach ar scrúile d'athair duit. Thiomáin anonn go cóstaí Sasana mé. Thángasa anall ar chostaí Albain, suidhe annso a run croidhe láimh liom". Bhí an óig-bhean ag éisteach leis. D'éirigh sí as a suidheachán agus chuir sí fáilte roimh Seán Mac Gearailt agus dúbhairt si ná pósfadh sí aon fhear go deo ach é. Nuair a tháinig an Sagart pósadh inghean Uí Chíobháin agus Seán Mac Gearailt agus mhaireadar go sásta as san amach.- Collector
- Caitlín Ní Ghairbhíghe
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Ghairbhíghe
- Gender
- Male