School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 296
- XML “Galair ar Ainmhithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall an bhaile a chuala na cúnntaisí seo thíos, agus siad na leigheasanna ceadhna a chloisim amuigh ar an mín-tír dóibh.Ar bhuaibh.An Bhruinne dhearg: An sceach dhearg a bheirbhiú agus an t-uisce a thabhairt le n-ól dom mboin. Faightear leigheas maith dochtúra anois air.An cheathramha dubh: Cuirtear snáthad ina gceathramha, nó grainne éigin a chur isteach in a gceathramha.Galar Cam: Ar bheithidig is mó a thagann sé. Tá loigín nó clais áirighthe i gclár-éadan an ainmhidhe, agus má tiomáintear tairgne go cruinn tré'n bpaisde san, ritheann an droch-stuif amach agus deineann san faoiseamh ar inchinn an ainmhidhe, agus téigheann sé i bhfeabhas indhiaidh a chéile.Galar na péiste: Ar ghamhna óga is mó a thagann so. Is mór an truagh an t-ainmhidhe bocht mar buaileann an galar go tapaidh é, agus bíonn sé á chaitheamh féin le pian. "Snaidhm na Péisde" a dheanamh le córda ó's cionn an ainmhídhe an leigheas air.(continues on next page)