School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Siar leis. D'aithnigheadar féin a chéile go maith. D'eachtruig sí a scéal dho tríd síos. D'innis sí dho i dtaobh an fhiolair agus an Chaisleáin, a's mar gheall ar an dtairngreacht. Bhí sé ar buille. Bhuail sé air a chulaith airm is éide a bhí sa mháilín bóthair aici. Amach leis go dtí an sean bhean, agus loirg an sean chlaidheamh uirthe.
"Tá sé thíos fé'n leabaidh," ar sí, "a's b'féidir le Dia go ndéanfá rud éicin mar is mór atá cuma an mhisnig ort."
Siúd amach é. Thairring sé stiall ar an roith, agus dhein sé dhá loma leath di. Cualathas an fothrom a's an torann, a's leis sin thuit an Caisleán in a phleist. An chrapadh na súl bhí an doircheacht agus an diamhaireacht a's an scamall dubh árduighthe do'n mbaile beag. Bhí loinnir na gréine air, rud nach raibh le ciantaibh, agus bhí an duairceas imthighthe dos na daoine. Gheal na sráideanna a's na póirsí chúmhanga, is bhí alltacht 'na gcroidhe i dtaobh cómhacht an ghaiscidhig a fhóir ortha. Siúd anonn go dtí an gCaisleán é, a's fuair sé an cromblach caillighe thíos fé's na clocha. D'árduig sé leis a scárlaod a's a raibh do shaidhbhreas ins an bhfothraig. Thug sé leis a bhean abhaile go h Éirinn, is muna raibh teinnte cnámha 'á lasadh dóibh níor lá fós é. Geallaim duit go raibh buidheachas ar an bPeidléar bán.- Informant
- Mícheál Ó Guithín
- Gender
- Male
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry