School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Siúd leó go dtí cúirt an Rí. Bhí cách na chodhladh. Isteach le beirt acu tríd an bhfuinneóig agus sháthadar biorán suain i mac an rí a bhí 'na codhla. Bhí sé 'na chnap acu. D'árduigheadar leó é go dtí grianán codhladhta inghean rí na Frainnce. Shíneadar leas-muigh di sa leabaidh é. Dhúisig sí. Phrioc sí é ach ní raibh dul air a dhúiseacht. Bhí speabhraidí air. Le fáinne a laé sciobadar as an leabaidh é agus d'árduigheadar leó go h-Éirinn é.
Lá'r na mháireach nuair d'eirig sí bhí an-athrú uirthi. Níor stad sí ach ag cainnt ar an bhfear breágh a chonnaic sí. Ach ní raibh sé le fághail ins an ríoghacht a's b'sin é an clampar. Bhí sí ag dul in olcas agus breóidhteacht throm ag teacht uirthi. D'imir na sidheóga an cleas ceadhna uirthi féin. D'árduigheadar leó go hÉirinn í, a's thuit mac an Rí i searc a's i síor grádh léi. Bhí an bheirt annsan a's ba chúis truaigh iad, grádh acu d'á chéile a's gan a fhios acu cá bhfaighdís an scéal a réidhteach. Muinntir na beirte a's iad ciapaighthe acu, a's a leigheas ag dul do dhraoithe is do dhochtúirí.
Ach bhí an rún ag an bpeidléir bán. Nuair a shrois sé críocha an Rí bhí sé ag éisteacht le gach scéal nua is sean scéal. Chuala sé go raibh mac an Rí in a luighe fé ghalar gan leigheas.(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Guithín
- Gender
- Male
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry