School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 204
- XML “An tSlat Draíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an rí agus d'árduig an soitheach. Thóg sé amach an cailín. Thug sé an bhróg di agus bhí sí díreach oireamhnach di.
"Fan annsan go fóil," ar sí le mac an rí. Siúd amach go dtí'n ngollán í; bhuail í le na slat dhraoidheachta agus tháinig a culaith bhreágh eadaig agus an capall chúiche. Ghléasáil sí suas í féin agus siúd isteach 'on tig í agus an dá bhróig gloine uirthi. Ba d'óbair go gcaillfí a driféaracha le fearg agus le formad.
"Ní fheadfhaidh aoinne a rádh anois ná gur tú mo chailín," arsa mac an Rí agus d'árduig sé leis í. Pósadh iad, agus bhíodar ag maireachtaint go sásta.
Fé cheann bliana rugadh mac dóibh. Bhí mac an rí amuigh ag fiadhach le linn na h-aimsire. Tháinig a drifiúr críonna ar cuaird chúiche nuair a chuala sí í a bheith breóidhte. Nuair a saoghaluigheadh án mac níor dhein an drifiúr críonna ach breith air agus é a chaitheamh síos le drochad mór a bhí cómhgarach do'n áit. Cé a bheadh thíos ach a máthair agus ghabháil sí an babán ina haprún. Chothuig sí an leanbh le draoidheacht thíos fe'n ndroichead.
Tháinig mac an rí abhaile agus chuir(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cheárna
- Gender
- Female