School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 193
- XML “Bean an Leasa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cuir sí an cheist air. Bhuail sé a cheann faoi agus níor labhair sé focal. D'aithnig a bhean air go maith go raibh rud éicin sa treise aige agus d'iarr sí air an scéal d'aithris di.
"Ghaibh an fear óg treasna an leasa lá an ráis agus fuadar maith fé agus an-eirghe anáirde faoi. Chuir sé canncar orm le na chuid mustair agus sháthas amach mo theanga faoi," ars an crapachán.
"O léan id'theanga mhillte, imthig anois agus leighis go tapaidh é," arsa bean an leasa.
D'imthig an crapachán amach tríd an lios agus thug a aghaidh ar thig na baintrighe. Chuaidh sé go dtí leabaidh an bhuachalla. D'feach sé ar a chos tinn agus chimil sé a theanga do'n gcois agus níor thúisce sin ná phreab an buachaill as a chorp amach as an leabaidh agus siúd leis chun a mháthar agus é chómh maith is a bhí sé riamh. D'imthig an crapachán abhaile é féin is a theanga millte.- Informant
- Micheál Ó Céarna
- Gender
- Male