School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 108
- XML “Naomh Caitlín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag uaisle Shasana ar an gcreideamh. Bhí ana straidhn ar a muinntir. Shocruig a hathair í a chur tré roith mhuillinn a's í a mheilt 'na pisíní i dtaobh ná tréigfeadh sí an Creideamh.
Deineadh amhlaidh ach ní mheilfeadh an roith í, ach bhí sí chomh seasmhach do'n gCreideamh is a bhí riamh. Chuir a h-athair isteach i mbosca annsan í, agus chaith sé le faill í. Bhí an bosca ag preabarnaig ar bhárr tuinne nó gur tháinig sé isteach ar thonn go Cuan Fionntrágha. Ropairí fairrge a fuair é. Nuair a chonnacadar an óigbhean níor dheineadar ach í a marbhú le buille toisc nach rud éicin eile a bhí sa bhosca. Thárla san ar an gcúigmhead lá fichead do Shamhain. Tháinig sluagh Aingeal anuas ó Neamh agus thógadar leó anáirde an Naomh. As san amach bhíodh an solus le feiscint ins an áit timcheall na roilige a bhí ann. Chuaidh dream chuige anonn lá le cead ó'n sagart parróiste. Labhair guth 'na dtimcheall a's dubhairt "Tá aisge agam á iarraidh orraibh, glacaidh Comaoine is faoisdine dom mar táim i bPurgadóireacht" ars an ghuth.
Chuadar go dtí an sagart agus d'eachtruigheadar an scéal. D'órdaig an sagart do'n bpobal faoistine agus Comaoine a ghlacadh do'n anam a bhi i gcruadhchás. Thugadar turas timcheall na roilighe ag paidireoireacht do'n anam.
Ó shoin i leith tá leigheas ar thinneas fiacaile d'aoinne a thugann turas Caitline ar an gcúigmhead lá fhichead do Shamhain aon bhliain.