School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ósta. Nuair a chuaidh Pádhraic isteach dubhairt sé "Seo dhuit do scilling agus tabhair dhom mo léine go beo". "Ó tuige nach mbeadh foid agat" deir sí. "Is beag an foid a bhí agat fhéin nuair beigean dom sa mo léine a thabhairt dhuit ar an leath gallún portar.
Chuadar siar ins an seomra annsin ag ól. "Cén sórt cainnt é sin a bhí agat fhéin agus bean an tighe" ars an feilméara. "Tá" ars Páraic "an lá bhí tusa agus Seán Ó Mórrú annseo, ní bhéarfhadh sí leath gallún portar dhom gan airgead go mbeigean dhom mo léine a thabhairt dí air agus anois tá mé dhá íoch agus fághailt mo léine ar ais". Annsin an oidhce chuaidh mé fhéin agus Seán Ó Mórrú chun tighe chugat-sa. Nuair a fuair mise Seán Ó Mórrú in a chodhladh, chuir mé orm léine Mórrú agus sin é an fáth a raibh Mórrú craitheadh na pluide ar maidin ag toruigheacht an léine agus bhí náire air é a innseacht agus sin é an fáth a rith sé ar siubhal ar faitchíos a shíleadh gur goideadh a léine uaidh". "Níl blas aithmhéal orm mo inghean a thabhairt dhuit, tá mé ag ceapadh go dtógfhadh tú í."
An Críoch- Informant
- Pádhraic Ó Maoilruaidh
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway