School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tabhair leat do mhac, dho chú agus do bhean faoi láthair an ríogh, agus nuair fhiarras sé dhíot cé'n rúdh is measa leat beo. déarfadh tú gur bé do mhac, ní fheadfaidh an ríogh rádh an t-aghaidh. Fíarreóchaidh sé dhíot annsin an dara ceist, cé nídh is measa leis thú beo, abair gur bí do chú. Fíarreóchaidh an rí dhíot cé'n chaoi a gcruthadh tú sin dó, glaoidhe chugat ar do chú agus tairneóchaidh tú amach do sciean, agus bainfhidh tú ceann do na h-ingne amach ón mbeo dhí, imtheóchaidh an cú ag caoineadh annsin agus fuil ag teacht as a cois, agus glaoidhe chugat arís í agus tiocaidh sí chugat agus tosuigheocaidh sí go do lighe, agus nuair fheicfheas an rí sin nach ndéanfhaidh aon nídh beo an chleas sin acht an chú.
An tríomhadh ceist cé'n namhad is mó agat beo, abair gur bí do bhean. Chuaidh sé chuig an rí annsin nuair a bhí na ceisteanna múinte ag athair dhó. Tá tú ann adeir an rí, an bhfuil na ceisteanna sin agat dom. Tá adeir an fear óg, is maith dhuit má tá ars an rí agus a claidheamh le na thaobh aige. "Tá go maith adeir an rí." An chéad cheist a chuir an rí air. Cé'n nídh is measa leat beo, mo mhac atá annseo liom.
Ceart go leór adeir an ríogh creidim gur bé. An dara ceist cé'n nídh is measa leis thú beo, mo chú adeir an fear óg, cé'n chaoi a gcruthadh tú gur bí an nídh is measa leis thú beo. Ghlaoidh sé chuige ar an gcoin,(continues on next page)- Informant
- Marcus Óg Ó Catháin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Maum, Co. Galway