Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Scéal - An Rí a Chaill A Gheall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tabhair leat do mhac, dho chú agus do bhean faoi láthair an ríogh, agus nuair fhiarras sé dhíot cé'n rúdh is measa leat beo. déarfadh tú gur bé do mhac, ní fheadfaidh an ríogh rádh an t-aghaidh. Fíarreóchaidh sé dhíot annsin an dara ceist, cé nídh is measa leis thú beo, abair gur bí do chú. Fíarreóchaidh an rí dhíot cé'n chaoi a gcruthadh tú sin dó, glaoidhe chugat ar do chú agus tairneóchaidh tú amach do sciean, agus bainfhidh tú ceann do na h-ingne amach ón mbeo dhí, imtheóchaidh an cú ag caoineadh annsin agus fuil ag teacht as a cois, agus glaoidhe chugat arís í agus tiocaidh sí chugat agus tosuigheocaidh sí go do lighe, agus nuair fheicfheas an rí sin nach ndéanfhaidh aon nídh beo an chleas sin acht an chú.
    An tríomhadh ceist cé'n namhad is mó agat beo, abair gur bí do bhean. Chuaidh sé chuig an rí annsin nuair a bhí na ceisteanna múinte ag athair dhó. Tá tú ann adeir an rí, an bhfuil na ceisteanna sin agat dom. Tá adeir an fear óg, is maith dhuit má tá ars an rí agus a claidheamh le na thaobh aige. "Tá go maith adeir an rí." An chéad cheist a chuir an rí air. Cé'n nídh is measa leat beo, mo mhac atá annseo liom.
    Ceart go leór adeir an ríogh creidim gur bé. An dara ceist cé'n nídh is measa leis thú beo, mo chú adeir an fear óg, cé'n chaoi a gcruthadh tú gur bí an nídh is measa leis thú beo. Ghlaoidh sé chuige ar an gcoin,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0981: Wisdom of Hidden Old Man Saves Kingdom
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Marcus Óg Ó Catháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mám, Co. na Gaillimhe