School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 075
- XML “Scéal - An Fear Déirciúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)deirceamhail, níor leig sé duine bocht ona dhoras ariamh gan déirce a thabhairt do nó loisdin oidhce.
Bhí go maith is ní raibh go dona, dubhairt an mac leis féin nach gcodhlochadh sé an darna oidhce in aon teach no nach n-iosfhad sé an dara béile ar aon bord go bhfuigh sá amach c'en fáth a raibh lá chomh dona ag a athair dhá chur agus lá chomh bréagh ag a mháthair.
Dimthigh leis ar maidin lár na mhaireach le eirigh gréine, bhí sé ag imtheacht agus ag siar imtheacht go dtáinic deireadh lae, agus casadh ag teach é nach raibh ann acht fear amháin. Díarr sé loisdín agus fuair sé sin agus fáilte.
Nuair a dith sé a shuipéir dinnis sé a sgéal do fhear an tighe. "Níl mé indhon an bhrigh sin a innseacht dhuit" ar seisean "acht má bhfaigheann tú a bhrígh, féach a bhfuighthea amach ce'n fáth a bhfuil mé fhéin mar tá mé, sé sin is cuma ce'n áit sa teach a dhéanas mé mo leabaidh tá braon i gcomhnaidhe ag tuitim anuas sa mbéal orm, cé go bhfuil díon nua air ó bhinn go binn. Tá súil agam go dtiocfhaidh tú isteach chugam ar filleadh dhuit is go mbéidh údar agat dom faoi mo sgéal." "Mar mbéidh ní thiocfhaidh mé ar m'ais", ars an fear óg.(continues on next page)- Informant
- Mártain Ó Spealáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway