School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 041
- XML “Scéal - An Triúr Dearthár”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rí agus na triúr dearbhráthair amuigh ag siubhail lá, agus chonnaic siad teach mór bán tamall uatha, agus d'fiafruigh siad de'n rí cé leis an teach sin, agus dinnis an rí sin dhóibh agus céard a bheadh ann acht teach a n-oncail. Chuaidh siad chomh fada leis an teach agus d'íárr siad aimsir, agus níor aithnigh a n-oncail iad agus níor leig siad-san orra féin acht an oiread a raibh gaol ar bith aca leis.
D'fiafruigh sé dhíobh annsin ce'n sórt obair a theastuigh uatha. Dubhairt an ceann ba sine go mba mhaith leis bheadh ag tabhairt aire do chaoraibh, agus dubhairt an dara ceann go mba mhaith leis féin bheadh ag tabhairt aire de mucaibh, agus an ceann de bóige go mba mhaith leis féin bheadh ag cainnt i gcomhnuidhe. Sin iad na trí rud ba mhaith liom sibh a dhéanamh adeir a n-oncail.
Ar maidin lár na bharach d'eirigh na triúr dearbhrathar go moch agus chuaidh an triúr aca ag déanamh a gcuid oibre féin. Nuair a bhí sé in a thráthnóna tháinig siad abhaile agus d'ith siad a suipéar, agus annsin chuaidh siad a chodladh.D'éirigh siad go moch an chéad mhaidin eile, agus chuaidh siad amach aríst.
Nuair a bhí siad tamall amuigh, chuaidh(continues on next page)- Informant
- Mártain Seoighe
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway