School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 040
- XML “Scéal - An Triúr Dearthár”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bfágadh sí slám féir in a diaidh le chuile ghreim dá n-itheadh sí.
Bhí siad ag imtheacht leo annsin, agus is gearr gur casadh fear leo, agus chuir tuairisg capaill leo, agus d'fiafruigh an ceann ba sine de a raibh sí bacach, agus dubhairt sé go raibh. D'fiafruigh an dara ceann de a raibh sí caoch agus dubhairt sé go raibh, agus d'fiafruigh an tríomadh ceann de a raibh sí manntach agus dubhairt sé go raibh. Annsin dubhairt sé leo innseact dó cé bfáca siad í, agus dubhairt siad-san nach bhfaca siad ariamh í, agus dubhairt seisean go bhfaca.
"Marach go bhfaca adeir sé ar dhnoigh ní bheadh sibh indon innseacht dom ce'n sort í. Annsin thug sé os comhair an tiogh iad, agus d'fiafruigh an rí dhíobh a bfaca siad an capall agus dubhairt siad nach bfaca acht go bhfaca siad a lorg sa ngainimh agus gur be sin an fath a raibh fhios aca ce'n sórt capall í. Dubhairt an rí go mo glic na trí buachaillí iad agus dubhairt sé leis an bhfear imtheacht agus a chapall a thóruigheacht. Nuair a bhí an fear imthighthe d'fiafruigh an rígh díobh a bhfanfadh siad leis go ceann blíadhna, agus dubhairt siad-san go bhfanadh.
Nuair a bhí an blíadhain shuas, bhí an(continues on next page)- Informant
- Mártain Seoighe
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway