School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an capall marbhugadh agus chuir sé adhmad an tighe sa gcairt agus cuir sé na mná feasa agus an capall os a chionn. Tarraing sé an chairt abhaile leis annsin, agus thug a mháigistir buidéal beag dhó leis an gcapall a leigheas.
Bhí sé ag obair dhó ar feadh sgathamh eile agus chuaidh an máigistir chuig an bfear glic le comhairle a fágháil uaidh leis an mbuachaill aimsire a mharbhughadh. Dubhairt seisean a rádh leis dul chuig an aonach lár na bhárach agus saighdúirí le gunnaí a bheith istigh i gcoill ar thaobh an bhóthair. Chuaidh sé chuig an aonach lár na bhárach agus nuair a tháinig sé go dtí an choill dairigh sé na pileuracha acht cheap sé gur clocha sneachta a bhí ionnta. Chonnaic sé na saighdúirí annsin agus rug sé ar an gcapall agus bhuail sé an chéad iarraidh ar a mháighistir féin. Bhí ag marbhughadh na saighdúirí eile agus an chuid nár mharbhuigh sé chuir sé sgapadh ortha. Is beag nach raibh a chapall marbhughadh aríst agus d'fad sé annsin í agus dubhairt, "bíodh an diabhal aicí." Chuaidh sé abhaile agus bhí faitchíos ag bean a mháighistir roimhe agus thug sí málaí ór dhó agus fuair sé an buidéal a leigheas an capall agus leigheas sé é féin leis. Annsin chuaidh sé abhaile agus bhí sé féin agus a bhean saidbhir uaid sin amach(continues on next page)- Informant
- Nóra Ní Catháin
- Gender
- Female
- Age
- 17
- Address
- Maum, Co. Galway