Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “Scéal - An Bhaintreach agus A Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an capall marbhugadh agus chuir sé adhmad an tighe sa gcairt agus cuir sé na mná feasa agus an capall os a chionn. Tarraing sé an chairt abhaile leis annsin, agus thug a mháigistir buidéal beag dhó leis an gcapall a leigheas.
    Bhí sé ag obair dhó ar feadh sgathamh eile agus chuaidh an máigistir chuig an bfear glic le comhairle a fágháil uaidh leis an mbuachaill aimsire a mharbhughadh. Dubhairt seisean a rádh leis dul chuig an aonach lár na bhárach agus saighdúirí le gunnaí a bheith istigh i gcoill ar thaobh an bhóthair. Chuaidh sé chuig an aonach lár na bhárach agus nuair a tháinig sé go dtí an choill dairigh sé na pileuracha acht cheap sé gur clocha sneachta a bhí ionnta. Chonnaic sé na saighdúirí annsin agus rug sé ar an gcapall agus bhuail sé an chéad iarraidh ar a mháighistir féin. Bhí ag marbhughadh na saighdúirí eile agus an chuid nár mharbhuigh sé chuir sé sgapadh ortha. Is beag nach raibh a chapall marbhughadh aríst agus d'fad sé annsin í agus dubhairt, "bíodh an diabhal aicí." Chuaidh sé abhaile agus bhí faitchíos ag bean a mháighistir roimhe agus thug sí málaí ór dhó agus fuair sé an buidéal a leigheas an capall agus leigheas sé é féin leis. Annsin chuaidh sé abhaile agus bhí sé féin agus a bhean saidbhir uaid sin amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Catháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    17
    Seoladh
    An Mám, Co. na Gaillimhe