Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 027

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 027

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 027
  3. XML “Scéal - An Bhaintreach agus A Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus dírigh sé a ghlúna leis acht is beag nach raibh an gró briste. Sheas sé suas annsin agus chuir sé a chloigeann amach thríd an teach.
    Chuaidh sé amach agus thug sé maide mór leis agus chuaidh sé chuig teach an fhír a bhíodh ag tabhairt an mhín choirce dhó agus shíl an fear go marbhochadh sé é. Bhí sé chomh mór sin. Dubhairt sé leis a dul ag bualadh trí cruacha coirce, agus d'iomchur sé isteach ceann de na cruachaibh sa stábla agus thosuigh sé dá mbualadh le maide mór. Thug sé isteach an péire eile annsin, agus is gearr go raibh na trí cinn buailte aige agus bhí sé ag obhair dhó ar feadh tamaill maith agus bhí an fhaitchíos ag an an bhfear roimhe agus chuaidh sé chuig fearín glic a bhí san áit agus d'fíafhruigh sé de ce'n chaoi a bhféadfadh sé an fear mór sén a mharbhú. Dubhairt seisean é a chur chuig triúr mná feasa, agus thug sé cairt agus capall leis agus chuaidh sé ann.
    Nuair a tháinig sé go dtí an teach, chuaidh sé suas air agus tháinig ceann de na mná feasa amach agus chaith sí an capall leis. Rug seisean ar an gcapall agus chaith sé léithe í agus bhain sé an cloigeann dhí. Mharbhuigh sé an bheirt eile an chaoi chéadhna. Is beag nach raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Catháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    17
    Seoladh
    An Mám, Co. na Gaillimhe