School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 017
- XML “Scéal - Fear na Scuab”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tuibhrann tú tinghean do mo mhac-sa sé an mead spré iarrfas mé ort an t-éan atá ag breith na huibheacha seo. Geobhfaidh tú sin agus fáilte ars an feirmeoir bocht mar bhí rímead air a bheith i gcleamhnas leis an bhfear saidbhir seo. Shocruigh siad an lá le h-aghaidh an phósadh agus an lá a bhí an pósadh ann, cuireadh Seán agus Séamus chuig an sgoil agus níor innsigheadh tada dóibh faoi an bpósadh. Dubhradh le comhursa an béile a réidteac dóibh nuair a thiocfaidh siad abhaile.
Nuair a tháinig siad ní raibh duine sa teach rompa acht bean na comhursan, agus dubhairt sí leo, agus dubhairt sí leo go raibh a deirbhsúir pósta le mac an fhir saidhbhir seo agus go rabhadar ag an mbainis.
Dhearchadar isteach san gcliabhán éin agus bhí an téinín imthighthe as. Níor fhanadar leis an dinnéar ithe acht d'imthigh siad go dtí an teach a raibh an bhainis ann. Thángadar isteach san gcisteanaigh agus bhí cocaire ann ag bruith feóla, Dhearc "Seamus" isteach i bpota beag a bhí ar leithrigh, agus dubhairt sé le "Seán". Seo é an téinín seainne thíos sa bpota seo. Dhearc Seán síos agus dubhairt sé gur bé. Chuir Seán síos a lámh agus thug sé aníos croidhe an éinín, agus dith sé é, agus thóig sé aníos na(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Liodain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway