Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 017
  3. XML “Scéal - Fear na Scuab”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tuibhrann tú tinghean do mo mhac-sa sé an mead spré iarrfas mé ort an t-éan atá ag breith na huibheacha seo. Geobhfaidh tú sin agus fáilte ars an feirmeoir bocht mar bhí rímead air a bheith i gcleamhnas leis an bhfear saidbhir seo. Shocruigh siad an lá le h-aghaidh an phósadh agus an lá a bhí an pósadh ann, cuireadh Seán agus Séamus chuig an sgoil agus níor innsigheadh tada dóibh faoi an bpósadh. Dubhradh le comhursa an béile a réidteac dóibh nuair a thiocfaidh siad abhaile.
    Nuair a tháinig siad ní raibh duine sa teach rompa acht bean na comhursan, agus dubhairt sí leo, agus dubhairt sí leo go raibh a deirbhsúir pósta le mac an fhir saidhbhir seo agus go rabhadar ag an mbainis.
    Dhearchadar isteach san gcliabhán éin agus bhí an téinín imthighthe as. Níor fhanadar leis an dinnéar ithe acht d'imthigh siad go dtí an teach a raibh an bhainis ann. Thángadar isteach san gcisteanaigh agus bhí cocaire ann ag bruith feóla, Dhearc "Seamus" isteach i bpota beag a bhí ar leithrigh, agus dubhairt sé le "Seán". Seo é an téinín seainne thíos sa bpota seo. Dhearc Seán síos agus dubhairt sé gur bé. Chuir Seán síos a lámh agus thug sé aníos croidhe an éinín, agus dith sé é, agus thóig sé aníos na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Liodain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe