Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. Galway
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 257

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 257

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 257
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí beirt ann fadó.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    corcara ar chuid eile aca. D'innis sé dhó céard a bhí sé ag iarraidh. "Ó ní fhéadfa muid tú a leigeann amach as an áit seo níos mó" adubhairt duine leis. Chonnaic sé na daoine a bhí ann dhá dtarraint fhéin thrí na teinte móra a bhí ann. Caitheadh é fhéin isteach i n-éindighe leo. Thagadh duine go dtí é chuile lá. "Cé an chaoi a bhfuil tú indiu" adeireadh sé. "Tá mé níos fearr ná bhí mé ariamh" adeireadh sé. Thosuigh siad dhá iompú mar a bheadh píosa mór feóla. Ní rabh an teas ag déanamh aon bhlas ar an bhfear bocht seo. Nuair a bhí sé sa mbaile ní rabh aon airgead aige le h-aghaidh móin a cheannacht agus bhíodh an fuacht ag dul thríd i gcomhnuidhe. An chéad lá eile tháinic fear go dtí é agus d'fhiafruigh sé dhó cé an chaoi a rabh sé ag aireachtáil. "Ó tá mé níos fearr ná a bhí mé ariamh" adeir sé. "Béidir gur gearr a bheitheá mar sin" adeir sé. "Ó is breágh an rud é an teas" adeir sé. D'imthigh an fear uaidh. Chuaidh sé ag cainnt leis an gcuid eile agus dubhairt sé leó go gcaithfeadh siad é a dhibírt. Chuaidh duine aca síos go dtí an fear bocht agus dubhairt sé é sin leis. "Ní fhágfa mise an áit a bhfuil mé" adeir sé. "Caithfe tú é a fhágáil" adeir sé. "Tabhair rud maith eicínt dhom agus imtheócha mé liom annsin" adeir é. [!] "Tá muileann beag ar chúl an dorais agus is féidir leat a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0565: The Magic Mill
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Neachtain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Glinn Chatha, Co. Galway