Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheith réidh roimhe an rí. Bhí capall bán sa t-sráid agus chuaidh an cailín amach. Nuair a tháinic sí go dtí an ceól bhí áthas uirthe. Bhí bean an tighe ag cainnt leis an rí. Nuair a bhí an ceól caithte tháinic an cailín abhaile agus bhí sí sa mbaile roimh an rí. Bhí an tae réidh ag an gcat. Sgaoil sí an capall síos sa bpáirc. Tháinic sí isteach sa teach agus tháinic an fear. Dubhairt an fear an dinnéar a thabhairt dó. Nuair a bhí an dinnéar ithte ag an rí chuaidh sé amach. An chéad oidhche eile chuaidh sé ag an gceól. Dubhairt an cailín leis an gcat an tae a bheith réidh. Chuaidh sí ag an gceól. Nuair a tháinic an cailín bhí an tae réidh. Tháinic an fear agus bhí an dinnéar réidh ag an gcat. Bhí áthas ar an gcat. Tháinic an rí isteach an doras. An chéad oidhche eile ní rabh sé ag an gceól. Tháinic fear siubhail isteach. "Tá súil agam go bhfuil an oidhche seo sa teach seo agam" adubhairt sé. Dubhairt an cailín go rabh sí ag dul abhaile. Nuair a tháinic sí abhaile ní rabh sa teach ach sean-bhean. Bhí áthas mór ar an t-sean-bhean nuair a tháinic an cailín abhaile. Nuair a tháinic fear an tighe isteach chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhéarrthigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Indreabhán, Co. Galway