School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 328
- XML “Scéal Beag faoi Thaibhse”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal Beag fá Thaidhbhse.Bhí mo mháthair aon oidhche amháin ar thórramh in Eanach Mheadhoin agus bhí sé deireannach san oidhche. Bhí a drifiúr in éinfheacht léi. Bhí roinnt mhaith daoine san teach ag an am, agus ba gheárr ghur chualadar an caoine amuigh ar an bhfairrge. Chuaidh cuid de na daoine amach ar an t-sráid agus ní fhacadar tada ach chualadar go leór ag caoine. Bhfhacthas dhóibh agus tháinigeadar isteach agus tháinig an-fhaitchíos ortha - nidh nach iongnadh.
Nuair a bhí mo mháthair agus a drifiúr ag dul abhaile an oidhche sin bhíodar ar crathadh leis an bfhaitchíos ag ceapadh go naireóchaidís an caoine arís.