School: Leitir Mór

Location:
Leitir Móir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Mac Confhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 326

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 326

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Mór
  2. XML Page 326
  3. XML “An Fear a Tháinig ar ais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aice d'imigh sé as amharc agus níor fachthas é ó shoin i leith.
    Nótaí: -- tá an bhean a dtáinig a dreáthair go dtí í beo fós. Teasbáineann an sgéal seo chomh deacair is atá sé a dhul go na flaithis nuair a choinncóchas cliabh móna amach thú agus is sgéal fíor é seo adeirtear. Bhí an fear cúpla bliain básuighthe nuair a chonnaic a drifúir é. Deir sé fhéin go raibh sé ag dul timcheall le fada ach (go raibh) nach bhfacaidh éinne é.
    Tá a dhrifiúr timcheall trí sgór bliain (60) d'aois, dubhair sí fhéin le daoine arís go raibh sé clúduighthe le fuil de bhárr an mada. Bhí a chosa agus a lámha agus a éadan gearrtha. Dúbhairt sé léithe freisin gan aon mhada a thiomáint amach san oidhche arís an fhad is a bhéadh sí beó mar go mbíonn anamacha bochta ag dul thart san oidche. Ag cur a gcuid purgadóireacht díobh ar an saoghal seo. Dubhairt sé go mbíonn an-fhaitchios ortha roimh madraí agus go dtéigheann siad ionnta nuair a dibhrightear amach iad mar sin. Fuair mé an sgéal seo óna mháthair -- Úna Nic Confhaola ar an badh lá de Nodhlag 1938. aois tuairim 40 bliain. Chuala sise ó'n mbean fhéin é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Confhaola
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway
    Informant
    Úna Nic Confhaola
    Gender
    Female
    Age
    c. 40