School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 251
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ariamh roimhe sin.
"A bhfuil aon cheird agat" adeir siad.
"Tá" adeir mac an Rí, tá mé go han-mhaith ag deasú claidheamhana.
Is tú a theastuigheann annseo adeir siad.
Thosuigh siad ag caitheamh claidheamhte aige agus budh ghearr go raibh siad chomh nua is bhí siad ariamh.
Faoi cheann cúpla lá bhí árd-mheas air, ag na Cailleacha Dubha, agus fuair sé eochair chuile sheomra san teach. D'fhan sé seachtmhain in-aoinfheacht leis na Cailleacha Dubha.
An oidhche seo thug sé leis an claidhaimh, agus bhí na Cailleacha 'na gcodhladh.
D'osgail sé an áit a raibh an chlaidheamh istigh acht bhí lochlann [!] geal ar fuaid na háite agus dhúisigh sé duine de na Cailleacha Dubha.
Dhúisigh sise an chuid eile agus lean siad mac an Rí.
"Cé'n sórt gaduidhe bó nó caorach thusa adeir siad, nó céard a bhí dúil agat a dhéanamh ár gclaidheamh soluis bhreágh a ghoid uainn."
"Muise ní gaduidhe bó ná caorach mise adeir sé, acht mac Rí ó'n Domhan Thiar, agus d'innis sé an sgéal ar fad dhóibh".
"Muise má's mar sin atá an sgéal agat-sa ní bheidh do bhás orainne", adeir siad, acht cuirfidh muide fá gheasaí thú gan an dara h-oidhche a codhladh ar aon leaba ná an dara béilidhe a itheadh aon [!] bhord nó(continues on next page)- Collector
- Siúbhán Ní Ráighne
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Calaidh, Co. Galway
- Informant
- Liam Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Inis an Ghainimh, Co. Galway