School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 210
- XML “Amhrán na Trá Báine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’fágadh siad an caladh uaim ar maidin leis an lá,
A Dia agus a Muire nach iad a chuaidh sa ngábh.
Níl blas ar bith dar cheannuigheadar nar tháinig do’n Tráigh Bháin,
Ach mo thriúr sa buachaillí maite gan a mbeo ná a marbh le fághail.Shoraidh dhíbhse a dreabhtharacha nach dteagann isteach i dtír,
Chuirfhinn cónra clár orraibh amach ó láimh an t-saoir.
Caoineadh mná óga an bhaile sibh i gcleamna is i ngaol,
Ach sí Bríghidh an bhean a chaill sibh is claidhte le na saoghal.Farior geár nár cailleadh mé an lá baisteadh mé go hóg,
An lá fágadh mé mo aon raig gan feithideach an fhir beo.
Níl drifúiir agam is níl dreabhthair agam is níl mo mháthair beo,
Tá m-athair bocht lag lúbhach is a Dia dhílis ní iongnadh dhó.Tomás Mac Confhaola.
(Transcribed: Mícheál Ó Caoinleáin)- Collector
- Tomás Mac Confhaola
- Gender
- Male