School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 190
- XML “Bás Aristotle”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí a gcuid cleas leagta amach aca roimh ré, agus anois fuaireadar a gcuid uirlíse fá réir, agus chuaidh 'chaon duine aca i gcionn a ghnó féin.
Nuair a bhí sé in am bricfeasta cuireadh teactaire amach ag glaodhach orra. Chuaidh an teachtaire ar dtús go dtí an fear a bhí in éadan an tsúiste. Sé an chaoi a raibh sé sin roimhe, súiste mór aige agus thugadh sé rása mór agus an súiste crochta aige, agus an oiread uathbháis agus teannadh a' teacht leis 's go sílfeá go mbuailfeadh sé cruach de 'chaon bhuille. Chuaidh an teachtaire ar ais agus d'innis sé do'n mháighistir cén sórt obair a bhí ar fhear an tsúiste. Chuaidh Harry Stotle amach go bhfaca sé féin ceárd a bhí ar bun. Nuair a connaic sé mo duine leis an ealadhain seo d'fhiafruigh sé dhe cén fáth a [?] raibh sé ar an obair sin. "Maise tá", ar an fear óg, "níl fhios agam cé is goire dhom an spéir atá os mo chionn na an spéir atá fum."
"Ara, a dhuine chroidhe," adeir Harry Stotle, nach bhfuil fhios agad gur goire dhuit an spéir atá os do chionn, ach ar aon nós, tar isteach chuig do bhricfast anois(continues on next page)- Collector
- Tomás Mac Confhaola
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraic O Flatharta
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Máimín, Co. Galway