Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Killannin, Co. Galway
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'fiafruigh sé dóibh cá raibh síad ag dhul agus d'innis siad an sgeal dhó. Shuideadar síos. Bhí molt ceanguilte i gcúl an dorais ag an sean-fhear agus scaoileadh é. "Eirigh a Dhiarmuid ars an sean-fhear agus ceangail an molt." D'eirigh Diarmuid. Rug é ar an molt, acht má rug fein, bhain an an molt craich as féin. Shín sé Diarmuid ar an urláir agus leag sé cos air. "Eirigh a Chonain," ars an sean-fear ars an sean-fhear " agus ceangail an molt." D'eirig Conán; rug sé ar an molt act má rug fhéín bhain an molt craith as féin, agus shín sé Conán ar an urláir agus leag se an darna cos air. "Eirigh, a Oscar agus ceangail an molt," ars an sean-fhear. D'eirigh Oscar; rug sé ar an molt acht má rug fhéin bhain an molt craith as féin. Shín se Oscar ar an urláir agus leag sé an tríomhadh cos air. "Éirigh a Ghoil agus ceangail an molt" ars an sean-fhear. D'eirig Gol; rug sé ar an molt, agus bhain corr as acht má bhain féin, bhain an molt craith as féin; Sín sé Gol ar an urláir agus leag sé an ceathraomhadh cos air. Bhí cat beag dubh ag an trean-fhear agus dúbhairt sé leis an gcat a eirghe. D'eirghe an cat, chuir sé a dhá chois thart timcheall muineal an mhuilt agus ceangal sé é. "Anois," ars an sean-fear nach mór an náire é seo do Fianna na h-Éireann" abair (?) sé aríst agus dúbhairt sé "Ní h-aon chúis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Laidhig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Pollagh, Co. Galway