Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Killannin, Co. Galway
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 382
- XML “Féilte na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Féilte na Bliana 20 adh Bealtaine 1938
Lá’ Le Máirtín. Tagann Lá ‘Le Máirtín gach bliadhain ar an 11 adh Samhain. Marbhuightear cearc nó éan tíghis eicínt eile, Oidhche Mhairtín nó an lá roimhe sin. Cuireann muinntear gach tíghe fuil na circe sin ar a mbaithis i bhfuirm croise. Deirtear muna marbhóchadh gach duine éan eicínt go marbhóchadh Naomh Máirtín fhéin é. Deirtear freisin gur dhúbhairt Naomh Máirtín ‘Glacfaidh mé roimhe acht ní ghlacfaidh mé ina dhiaidh’, sé sin nach ndéanadh sé cúis an chearc a mharbhú tar éis an féile.
Oidhche Bríghde.
An 1adh Lá Feabhra seadh Oidhche Bhríghde. Is fada le cuid de na páistí óga go dtagann an oidhche sin. Déanann siad páiste bréagach nó bábóg ar a dtugann siad an Bhríghdeóg. Bíonn sí déanta as punnan tuighe agus gúna fada geal uirtí. Bíonn crios faoin’ alár agus caipín ar bhárr an phuinneann. Ní aithneochthá annsin nach páiste beag í. Teigheann siad thart ó theach go teach ag bailiú airgid, annsin agus bíonn rann ghá rádh aca;- ‘Crios, crios Bríghid in mo chrios, Muire a’s a mac, Bríghid a’s a brat,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nuala Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gortnagroagh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Gortnagroagh, Co. Galway