Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 146
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá cuinneóg againn sa mbaile.”
Tá cuinneóg againn sa mbaile. Tá sí tuairim's trí troighthe ar aoirde agus tuairim's dhá troigh go leith ar leithead. Tá sí déanta d'ádhmad agus tá lataí iarrainn thart air le na choinneál le chéile. Nuair a cheannuigh mo mháthair an chuinneóg chuir sí clochaí móra sa teine agus d'fág sí ann iad go raibh siad dearg. Nuair a bhí siad deargthuighthe go maith chuir sí síos sa gcuinneóig iad agus chaith sí pota uisge te síos orrtha agus d'fág sí annsin é ar feadh tamaill maith. Nuair a bhí sé tamall maith annsin chaith sí amach na clochaí as agus nigh sí go maith le uisge te é agus bhí sé réidh le bainne a chur ann annsin.
Seo iad coda na cuinneóige.
Cuinneóg : Gléas déanta d'ádhmad ar nós bairille agus lataí iarrainn thart air.
Claibín : Gléas beag cruinn déanta d'ádhmad agus poll ina lár le na chur ós cionn an chláir ar an gcuinneóig.
Clár : Gléas cruinn eile déanta d'ádhmad agus poll ina lár ionnus go bhféadfaí é a chuir síos ar an luithne.
Luithne : Gléas cruinn déanta d'ádhmad agus go leór poill ann ionnus go dtiocfadh an bainne suas ionnta. Muna mbeadh na poill sin ann bheadh an bhainne ag dóirteadh amach ar an urlár.
Feire : Coinnigheann na Feire an tóin istigh sa gcuinneóig.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Conghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Gabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. Galway