Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 102
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Aon lá amháin bhí fear ag siubhal an bóthair agus casadh gobán agus a mhac air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)di an bhfuil aon teagasg aici le tabhairt ar ghabhann ar bith a bheadh indhon speal mhaith a dhéanamh," arsa Gobán.
"Déanfhaidh sin," arsa Micheál agus d'imthigh sé.
Bhí sé ag imtheacht leis no go bhfúair sé an bhean a bhí i gceist.
"An bhfuil aon teagasg agat ar ghabhann ar bith a bheadh indhon speal mhaith a dhéanamh," arsa Micheál.
"Ní fáightear teagasg gan airgead," ar sise.
"Cé mhéad áta uait," arsa Micheál.
"Bonn," ar sisi.
"Déanfhaidh sin," arsa Micheál agus thug sé bonn dhi.
"Bheul anois," adeir sí, "teirigh ag a leithéide seo d'fhear agus abair leis speal a dhéanamh duit a bhéas chomh maith agus go mbeidh sí indhon lomra olna a gearradh ar bhárr an uisge agus gan an t-uisge a chorruighe." Is ag a h-athair féin a chuir an bhean é.
Dimthigh Micheál leis nó go dtáinich sé go dtí teach an gabhann.
"An bhfuil tú indhon speal mhaith a dhéanamh," arsa Micheál.
"Go deimhin táim", arsa an gabha, "déanaim-se spealtacha le h-agaidh gach duine."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraigh Ó Dorchaidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádhraigh Ó Gabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 31
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. Galway