School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Killeany, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin

Filter stories

Back
/ 115 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 080

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí bean ann agus bhí triur inghean aice. Lá amháin tháinig fear ag an teach agus thug sé leis duine aca. Thug sé go dtí teach mór í agus dubhairt sé leí a dul isteach í ngach seomra acht aon seomra amháin. Thug sé eochrachaí dhi. D'imthigh sé annsin agus dubhairt sé léi go dtiocfhadh sé isteach aríst tráthnóna. Nuair a tháinig sé isteach tráthnóna d'fhiafruigh sé dí an raibh sí istigh í ngach seomra. Dubhairt sí go raibh acht aon seomra amháin. Dubhairt sé léi cé cuir fuil ar na eochrachaí agus dubhairt sé léi annsin go raibh sí istigh ann. Dubhairt sí nach raibh. "Bhí tú ann," adeir an fear agus mharbhuigh sé í. Chuaidh sé go dtí an teach aríst agus thug sé leis an duine eile. Thug sé go dtí an teach seo í. Agus thug sé na eochrachaí dí agus dubhairt sé léi a dhul isteach í ngach seomra acht aon seomra amháin. D'imthigh sé annsin. Nuair a tháinig sé isteach tráthnóna bhí sí ag dul amach as an seomra a dubhairt sé léi gan a dhul

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Fhlaithbheartaigh
Gender
female
Informant
Colm Seóigeach
Gender
male
Address
Killeany, Co. Galway
Language
Irish