School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 106
- XML “Mac an Éisc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'fhan sé an oidhche sin in-a teach agus cé a thiocfadh go dtí iad arís acht máthair na bhfáthach arís i riocht geirrfiadha agus lean sé seo í. Níor stop ceachtar aca nó go rabhadar i dteach an gheirrfiadha 'san domhain theas.
Bhí an geirrfiadha istigh roimhe agus í in-a croth féin arís.
"Biadh nó cómhraic a chailleach," arsa an fear.
Chaith an chailleach cnámh aige.
"Is mó a theastuigheas an chnámh seo uait féin," ar seisean, "osgail do bhéal go gcuirfidh mé siarr i do sgórnach é." Bhí an oiread faitchíos uirri agus gur osgail sí a béal.
Sháith sé seo an chnámh siarr in a scórnach agus thacht í.
Chuartuigh sé an teach agus fuair sé slaitín draoidheachta.
Bhuail sé an chloch ghlas a bhí i lár an urláir agus d'éirigh a dhearbhráthair chuige. Bhí an bheirt aca leath-bealaigh go h-Éirinn nuair a d'innis a dhearbhráthair do fhear na bainrioghna go raibh sé i dteach an(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Raghallaigh
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Informant
- Nuala Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway