School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 031
- XML “An Bhean a Cailleadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i n-a chomhnaidhe shíos i gconndaí Cheatharlach fear an tsaidhbhir a bhí ann agus bhí Caisleán áluinn aige.
Do bhí áit ins an gCaisleán dhá bhfuigeadh aon duine dhá mhuinntir bhás le na gcur.
Comhra luaidhe a bhíodh aige le n-a gcuir ortha agus bhídís le feiceál aca go deó.
Bhí cailín óg d'inigin sa teach sgór bliadhanta d'aois a bhí sí.
Tháinig tinneas tobann uirthi agus is ghearr go bhfuair sí bás, bhíodar ag chaitheamh na diaidh go han-mhór.
An oidhche a raibh sí ós chionn chláir bhí luach leith-chéad punt d'fháinne ar chuile mhéar léithe agus seódaibh luathmhara faoi na muineál.
Cuireadh i gcomhra luaidhe í agus tugadh amach í san áit ar chuireadh a muinntir roimpí, bhí Buitléaira sa teach agus connaic sé an méid luach-airgeid d'fháinne a bhí ar a méarachaibh.
Agus dubhairt sé leis féin nuair a gabhfhadh gach a raibh sa teach a(continues on next page)- Collector
- Mairéad Ní Niadh
- Gender
- Female
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway