School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 032
- XML “An Bhean a Cailleadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chodladh go ngabhfhadh sé amach agus go mbainfheadh sé na fáinne dhá méarachaibh agus go mbeadh sé saidhbheir go deó aca.
Nuair a bhí gach duine i n-a gchodladh d'éirigh sé seo agus amach leis go dtí an áit a raibh an chailín óg.
Thóg sé sgian aníos as a phóca agus nuair a shíl sé an sgian a tharraingnt ar a méarachaibh dhírig sí aniar sa gcomhra.
Rith an fear chómh maith is bhí sé i n-a chosaibh agus amach leis an gcailín ar an urlár nuair a d'éirigh muinntir an tighe ar maidin.
Chonnaiceadar doras na h-áithte seo osgailte agus chuadhar isteach ann. Bhí an chlár bainnte dh'on comhra agus an cailín amuigh ar an urlár agus í dí-bheó.
Chruinnigh gach a raibh san áit timcheall ann agus cuireadh tuairisg ché d'osgail an doras ar an áit sin dubhairt chuile dhuine nach é fhéin.
Dubhairt an chailín go bhfaca sí fear ag dhuil amach as an áit acht ná raibh a fhíos aice ché é féin. Dubhairt athair(continues on next page)- Collector
- Mairéad Ní Niadh
- Gender
- Female
- Address
- Coill Sáile, Co. Galway