School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 404

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 404

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 404
  3. XML “An Dochtúir Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dochtúir nó liaigh ann uair amháin agus bhí scoláire nó dochtúir óg aige. Chuaidh siad aon lá amháin d'amharc ar mhnaoi a bhí tinn.
    Nuair bhí siad tamall beag ag amharc uirthi dubhairt an sean-dochtúir léithi. "D'ith tú oirridhe"
    "D'ith", ar sise. D'fhreagair an sean-dochtúir annsin í. "Ná hith iad feasta agus beidh tú slán," ars eisean.
    Nuair a tháinic siad a bhaile arís d'fhiafruigh an dochtúir óg de'n tsean-dochtúir, "Caidé mar bhí fhios agat gur ith sí na hoirridhe?" "Dhearc mé faoi'n leabaidh agus chonnaic mé ne blaosgacha" ars'eisean.
    Lá amháin eile bhí fear tinn, agus ca dtiocfadh leis n tsean-dochtúir dul a d'amharc air, agus chuir sé an dochtúir óg chuige.
    Nuair a tháinic sé isteach ins an tseomra a raibh a fear tinn ann, dhearc sé go níosd faoi'n leabaidh agus chonnaic sé diallaid agus srian. "A dhuine chóir," ars'eisean leis an fhear thinn, "d'ith tú gearrán." Shaoil muinntir a' tighe go raibh sé ag magadh faoi an fear thinn, agus ruaig siad amach as a' tigh é, agus chuir siad an madadh in-a dhiaidh. Bhí fearg mhór ar an tsean-dochtúir nuair a chualaidh sé an sgéal agus chan chuir sé amach leis féin aramh é i-n a dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1641: Doctor Know‑All
    Language
    Irish